Garraithe Pháirc Bhéal na mBuillí

Tá rud éigin do chách á thairiscint ag 6 acra na ngarraithe daingne ag Páirc Bhéal na mBuillí.
Ón bhfaiche cróice agus teach samhraidh athchóirithe, go dtí an garraí pléisiúir agus an garraí torthaí agus glasraí. Faigh amach faoi shamplaí de phlandaí andúchasacha a bailíodh ó ar fud an domhain ag Henry Pakenham. Féach thart ar an gconair gharraí nua do leanaí, nó siúil thart tríd an gcoillearnach, mar a bhfuil samplaí breátha Feá agus Darach lánfhásta le fáil, a plandaíodh breis is 300 bliain ó shin ag Thomas Mahon. Bain sult as an gciumhsóg bhláthanna, as an gceapach raithní, as lochan na lilí, as an ngarraí rósanna Victeoiriach agus as an teach gloine fíniúna. Sna garraithe daingne is féidir leat fáil amach faoi stair na ngarraithe agus faoin tslí gur úsáideadh iad ar bhealaí éagsúla thar na blianta, do spriocanna táirgíochta agus pléisiúir.

Cibé cén aimsir atá ann, nó cibé cén séasúr atá ann, is saghas cailéadascóip atá i gceist leis na garraithe ag Páirc Bhéal na mBuillí ó thaobh na radharcanna, na bhfuaimeanna agus na mbolaithe de, cáiléadascóip a spreagfaidh do chuid céadfaí agus a thógfaidh do chroí lá ar bith. Tá oibreacha feabhsúcháin ar siúl sna garraithe agus bímid i gcónaí ag cur fáilte roimh oibrithe deonacha chun bheith ag cabhrú le cuid d´ár gcuid tionscadal garraí.

Strokestown Park