Bailiúcháin Theach Pháirc Bhéal na mBuillí

Tá Teach Pháirc Bhéal na mBuillí, eastát mhuintir Pakenham Mahon ó na 1660í go 1979, lán leis na mílte bundéantán a chuimsíonn breis is trí chéad bliain.

Ó throscán agus fearas ársa go cartlanna agus bréagáin an teaghlaigh, díríonn na bailiúcháin shaibhre ar gach gné de shaol an teaghlaigh sa teach mór tuaithe, idir nósanna foirmeálta ite bia, seomraí scoile na leanaí, saol na searbhóntaí, caitheamh aimsire na huasaicme, agus comhfhreagras leis na tionóntaí ar an eastát.

Chuirfeadh taobh istigh mórthaibhseach an tí taisceadán todhchaí i gcuimhne duit, agus mhair an teach gan mórán athruithe síos go dtí an lá atá inniu ann, ó na seomraí móra foirmeálta agus na ceathrúna príobháideacha go dtí an chistin ghailearaithe san íoslach. Ní amháin gur fhág gach glúin den teaghlach a gcuid maoine taobh thiar díobh, ach is iomaí scéal a d´fhágadar freisin a bhfuil cuairteoirí in ann sult a bhaint astu go dtí an lá atá inniu ann.