Turais Bhus agus Turais Ghrúpa Pháirc Bhéal na mBuillí

Ag Páirc Bhéal na mBuillí is féidir pacáistí speisialta saincheaptha a chruthú do do ghrúpa

Fáilte

Cuirimid fáilte roimh thurais bhus ar fud na bliana agus tá go leor spáis pháirceála ar fáil do bhusanna. Chun tuilleadh a fháil amach faoi rátaí agus faoi shocruithe  déan teagmháil linn roimh ré ag 071 963 3013, nó cuir ríomhphost chugainn anseo chun riachtanais do thurais ghrúpa a phlé. Is féidir na cuairteanna a dhéanamh saincheaptha chun réiteach le do sceideal agus do chuid riachtanas.

Fad na cuairte:

– Teach (Turas treoraithe 60 nóim.)

– Músaem (Turas treoraithe 45 nóim.)

– Garraithe (turas féintreoraithe)

2 ½ uair an chloig san iomlán, am saor sa mhúsaem san áireamh.

Ag Páirc Bhéal na mBuillí is féidir pacáistí speisialta saincheaptha a chruthú do do ghrúpa, lena n-áirítear: caife na maidne, lón, tae beag nó fáiltithe dí. Tá áiseanna páirceála bus den scoth againn agus tugtar sólaistí, treoirleabhair agus ticéad iontrála le haghaidh na dturas saor in aisce do na tiománaithe agus do cheannairí na dturas.

Chun níos mó eolais a fháil faoi na turais cuir glaoch ar 071 963 3013 nó cliceáil anseo chun réamháirithint a dhéanamh. Cliceáil anseo chun áirithintí turais ghrúpa a dhéanamh.