An Gorta
Áit fhíorálainn ar fad is ea Páirc Bhéal na mBuillí chomh maith le bheith ar cheann de na suíomhanna a bhí páirteach i dtragóid náisiúnta. Tabhair cuairt ar Mhúsaem Náisiúnta an Ghorta Mhóir chun an scéal a fhiosrú agus chun foghlaim faoin tubaiste náisiúnta is mó i stair na hÉireann.

Músaem Náisiúnta an Ghorta Mhóir ag Páirc Bhéal na mBuillí
Meastar gurb é Gorta Mór na 1840í an tubaiste shóisialta aonair ba mhó a bhí ann san Eoraip sa 19ú hAois; scriosadh oileán na hÉireann aige agus fuair breis is dhá mhilliún duine bás nó chuaigh siad ar imirce, sin beagnach an ceathrú cuid de dhaonra iomlán na linne. Insíonn Músaem Náisiúnta an Ghorta Mhóir i mBéal na mBuillí scéal na caibidle tragóidí seo i stair na hÉireann trí fhocail agus trí scéalta na ndaoine céanna a bhí páirteach ann, ag léiriú ag an am céanna na cosúlachtaí idir é agus gortaí eile na tréimhse sin.
Scoil Samhraidh an Ghorta Mhóir
26 – 30 May 2021 (to be confirmed)
Comhdháil bhliantúil idirnáisiúnta is ea Scoil Samhraidh an Ghorta Mhóir a eagraítear i gcomhar lenár gcuid comhpháirtithe acadúla, Ollscoil Quinnipiac, Connecticut, baile Institiúid Ghorta Mór na hÉireann. Gach bliain déantar sealaíocht idir Quinnipiac agus Béal na mBuillí don scoil samhraidh.


Seó Bóthair Ghuthanna an Ghorta Mhóir “Laochra an Ghorta Mhóir”
I 2020 sheol Músaem Náisiúnta an Ghorta Mhóir ag Páirc Bhéal na mBuillí agus Iontaobhas Oidhreachta na hÉireann Seó Bóthair Ghuthanna an Ghorta Mhóir “Laochra an Ghorta Mhóir”, sraith ar líne dhoiciméadchlár atá ar fáil chun bheith ag breathnú orthu anseo ag www.greatfaminevoices.ie/famine-heroes/. Tá scéalta le fáil iontu maidir le conas déileáil le heipidéimí, agus léiríonn siad ómós do chúramóirí agus d´oibrithe líne thosaigh, i lár na 1800í agus inniu.
Slí Náisiúnta an Ghorta Mhóir
Lean céimeanna 1,490 duine, a shiúil an bealach 165km seo ó Eastát Pháirc Bhéal na mBuillí go Cé Theach an Chustaim i mBaile Átha Cliath, ar Shlí Náisiúnta an Ghorta Mhóir, cosán nua stairiúil agus idirghníomhach, a bhfuil Pas/Treoirleabhar agus Léarscáil OSI mar chuid de. Is Cosán creidiúnaithe é an Cosán Oidhreachta agus Ealaíon seo ar feadh 165km ó Pháirc Bheal na mBuillí, Co. Ros Comáin trí 6 chontae go Baile Átha Cliath. Téann mórchuid de in aice leis an gCanáil Ríoga ar chosáin chothroma agus a bhfuil dromchla maith orthu.


Cartlann Pháirc Bhéal na mBuillí
Is taifead críochnúil é Cartlann Pháirc Bhéal na mBuillí ar stair eacnamaíoch, shóisialta agus eastáit thar thréimhse 300 bliain, a bhaineann leis an 19ú agus leis an 20ú haois, agus a thugann fíorléargas ar an saol ar cheann de mhóreastáit na hÉireann. Tá mar chuid di na mílte doiciméad a bhaineann le Gorta Mór na 1840í.